Polasaí Iontrála Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh.

Seoladh na Scoile: Mín an Chladaigh, Gort a Chóirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Uimhir rolla: 17822N

Pátrún na Scoile: An t-Easpag Niall Ó Colla

1. Réamhrá

Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000. Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh bord bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil.

D’fhaomh an pátrún scoile an polasaí ar an 25/03/2021. Tá sé foilsithe ar shuíomh agus cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d’aon duine a iarrann é.

Tá na dátaí agus na hamlínte ábhartha do pholasaí iontrála Scoil Bhríde leagtha amach san fhógra maidir le hiontráil bhliantúil na scoile a fhoilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na scoile seachtain amháin ar a laghad roimh thús an phróisis iontrála don scoilbhliain lena mbaineann.

Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis an bhfógra maidir le hIontráil Bhliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.

Foilsítear an fhoirm iarratais i gcomhair iontrála ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear cóip chrua di ar fáil d’aon duine a iarrann sin.

2. Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile

 

Bunscoil náisiúnta lán-Ghaelach chomhoideachais le héiteas Caitliceach faoi phatrúnacht Easpag Rath Bhoth is ea Scoil Bhríde.

Bunaíodh an scoil sa bhliain 1952 leis na haidhmeanna seo a leanas:

· Bunoideachas tré mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu

· Bunoideachas tré mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí eile agus a chur ar a gcumas bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge

· Timpeallacht Gaelach a chur ar fáil agus dúil sa Ghaeilge a chothú i measc na ndaltaí agus na dtuismitheoirí.

Ciallaíonn “éiteas Caitliceach” éiteas agus spiorad sainiúil an Eaglais Chaitliceach Rómhánaigh, a chuireadh chun cinn

1. forbairt iomlán na ndaltaí – idir intleachtúil, mhothálach, fhisiciúil, spioradálta, aestéitiúil agus shóisialta

2. gaol beo le Dia agus le daoine eile

3. fealsúnacht saoil buaithe ar chreideamh i nDia agus saol, bás agus aiséirí Íosa; agus

4. oiliúint na ndaltaí sa chreideamh Caitliceach.

Cuirimid oideachas reiligiúnda ar fáil do na daltaí de réirdhúnghaoisí, chleachtais agus thradisiúin na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus/ nó de réir mar a leagann Comhdháil Easpag na hÉireann amach.

De réir S.15 (2) (b) den Acht Oideachais 1998, seasfaidh Bord Bainistíochta na scoile le, agus beidh sé freagrach don phatrún as, spiorad sainiúil na scoile de réir na luachanna cultúrtha, oideachasúla, moralta, reiligiúnda, sóisialta, teangúla agus spioradálta a threoraíonn chuspóirí agus reachtáil na scoile.

Is é ár nDúnghaois i Scoil Bhríde ná sár-oideachas lán-Ghaelach Chaitliceach a chur ar fáil do dhaltaí na scoile mar bhunscoil chomhoideachais.

Cuirimid ár nDunghaois i bhfeidhm trí:

a. Chothrom na féinne a thabhairt do Phobal na scoile ar bhealach cairdiúil, cothrom, réasúnta

b. Bhéim a chur ar fhorbairt Phobal na Scoile mar shaoránaigh d’Éirinn agus den domhan

c. Mheas orainn féin agus ar dhaoine eile agus ar ár gcultúr Gaelach agus ar chultúir eile a chothú

d. Bhéim a chur ar shábháltacht, ar shástacht agus ar fhéin-mhuinín daltaí

e. Na daltaí a ullmhú don oideachas iarbhunscoile agus don saol amach rompu.

3. Ráiteas maidir le hIontráil

Ní dhéanfaidh Scoil Bhríde idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:

  • inscne an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • stádas sibhialta an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • stádas teaghlaigh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • gnéaschlaonadh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • reiligiún an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • bunús mhíchumas an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • cine an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • dalta nó iarratasóir ó phobal an lucht siúil i leith an dalta lena mbaineann, nó
  • riachtanais speisialta oideachais a bheith ag an dalta nó ag an iarratasóir i leith an dalta lena mbaineann.

De réir Alt 61 (3) den Acht Oideachas 1998, forléireofar ‘foras stádais shibhialta’, ‘foras míchumais’, ‘leithcheal’, ‘foras stádas teaghlaigh’, ‘foras inscne’, ‘foras cine’, ‘foras reiligiúin’, ‘foras gnéaschlaonta’ agus ‘foras pobail Taistil’ de réir alt 3 den Acht um Stádas Comhionann 2000.

Bunscoileanna ag fáil iarratais ó iarratasóirí ar chreideamh mionlaigh

Is scoil í Scoil Bhríde arb é an cuspóir atá aici oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna reiligiúnacha áirithe chun cinn, agus ní dhéanann sí idirdhealú i gcás, nuair a dhiúltaíonn sí cead isteach do dhalta nach Caitliceach é/ í agus cruthaítear go bhfuil an diultú riachtananch chun éiteas na scoile a choineal.

4. Na Catagóirí de Riachtanais Speisialta Oideachais a ndéantar freastal orthu sa scoil

Ní scoil speisialta í Scoil Bhríde agus níl aon rang speisialta inti faoi láthair. Déannann na múinteoirí ranga i gcuideachta leis an múinteoir oideachas speisialta freastal ar na páistí le riachtanaisí speisialta.

5. Daltaí a Ligean Isteach

Ligfidh an scoil seo isteach gach dalta atá ag lorg iontrála ach amháin sna cásanna a leanas

  1. i gcás ina bhfuil ró-éileamh ar an scoil (féach alt 6 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí)
  2. i gcás go dteipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód si

Scoileanna Iarbhunoideachais Sainchreidmheacha

Is scoil Caitliceach í Scoil Bhríde agus féadfaidh sí diúltú glacadh le duine nach dalta de creidimh Caitliceach é/í, sa chás go gcruthaítear go bhfuil an diúltú riachtanach chun éiteas na scoile a choinneáil.

6. Ró-iarratas

Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.

Tá se de cheart ag an mBord Bainistíochta uasmhéid líon na bpáistí in aon rang ar leith agus sa scoil ina hiomláine a leagadh síos. Dhéanfaidh an Bord Bainistíochta socrú fá líon na bpáistí in achan seomra bunaithe ar mhéid agus spás sna seomraí, riachtanais oideachais na bpáistí, ranganna measctha, paistí le SEN agus treoracha na Roinne

I gcás ró-éilimh, is mar seo a dháilfear na háiteanna bunaithe ar na Critéir Roghnúcháin seo:

· Glacfar le hiarratais do phaistí abheidh 4 bliana d’aois, ar a laghad, roimh an 1 meán Fómhair don bhliain iarratais.

· Deartháireacha agus deirfiúracha páistí atá, nó a bhí, ag freastal ar an scoil (agus leas-deartháireacha agus leas-deirfiúracha atá ina gcónaí sa teach céanna san áireamh)

· Páistí na mball foirne reatha (agus tosaíocht tugtha don pháiste is sine).

· Mic agus iníonacha iar-dhaltaí na scoile.

Sa chás go bhfuil beirt daltaí nó níos mó ceangailte le haghaidh áite nó áiteanna in aon cheann de na catagóirí critéir roghnúcháin thuas (agus líon na n-iarratasóirí níos mó ná líon na n-áiteanna atá fágtha), beidh feidhm ag na socruithe a leanas:

Aois an pháiste ag tabhairt tús áite don mhuintir is sine.

7. An méid nach mbreithneofar ná nach gcuirfear san áireamh

De réir alt 62(7)(e) den Acht Oideachais 1998, ní dhéanfaidh an scoil aon cheann díobh seo a leanas a bhreithniú ná a chur san áireamh agus iarratais ar chead isteach á gcinneadh nó nuair a bhíonn dalta á c(h)ur ar liosta feithimh le haghaidh iontrála sa scoil.

Ní mór do scoileanna pointí (a) go (g) a chuimsiú anseo. Tá eisceachtaí teoranta ann ó chúis díobh seo a bhfuil aibhsiú dearg orthu agus ní mór do scoileanna na heisceachtaí a bhaineann leo a choinneáil agus iad sin nach mbaineann a scriosadh:

(a) freastal roimh ré ag dalta ar réamhscoil nó ar sheirbhís réamhscoile, lena n-áirítear naíonraí

(b) íocaíocht táillí nó ranníocaíochtaí (cibé slí a dtuairiscítear é) leis an scoil;

(c) cumas, scileanna nó inniúlacht acadúil an dalta: seachas i ndáil le ligean isteach i scoil Ghaeilge de réir fhorálacha alt 62 (9) den Acht

(d) gairm, stádas airgeadais, cumas acadúil, scileanna nó inniúlacht tuismitheoirí dalta;

(e) ceanglas go bhfreastalóidh dalta, nó a t(h)uismitheoirí ar agallamh, lá oscailte nó cruinniú eile mar choinníoll iontrála;

(f) ceangal dalta leis an scoil de bhua duine dá t(h)eaghlach nó dá teaghlach ag freastal ar an scoil nó a bhí ag freastal ar an scoil roimhe sin;

seachas, i gcás na scoile ar mian léi san áireamh bunaithe ar (1) deartháireacha nó deirfiúracha dalta a fhreastalaíonn ar an scoil nó a d’fhreastail ar an scoil. 2) tuismitheoirí nó seantuismitheoirí dalta a d’fhreastail ar an scoil.

(g) an dáta agus an t-am ar ghlac an scoil le hiarratas iontrála,

Tá sé sin faoi réir an iarratais a bheith faighte ag am ar bith le linn na tréimhse a shonraítear chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.

Tá sé sin faoi réir freisin ag an scoil tairiscintí a dhéanamh bunaithe ar liostaí feithimh reatha (suas go dtí an 31ú Eanáir 2025 amháin).

8. Cinntí ar iarratais

Béidh na cinntí go léir maidir le hiarratais ar iontráil chuig Scoil Bhríde bunaithe ar na nithe a leanas:

  • Polasaí iontrála na scoile
  • Fógra iontrála bliantúil na scoile
  • An fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil i bhfoirm iarratais oifigiúil na scoile a fuarthas le linn na tréimhse atá sonraithe inár bhfógra iontrála bliantúil chun iarratais a fháil;

(Féach alt 14 thíos maidir le hiarratais a fuarthas lasmuigh den tréimhse iontrála agus alt 15 thíos maidir le hiarratais ar áiteanna i mblianta seachas an grúpa ligthe isteach.)

Ní úsáidfear critéir roghnúcháin nach n-áirítear inár bpolasaí iontrála scoile chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar áit inár scoil.

9. Cinntí a chur in iúl d’iarratasóirí

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas i scríbhinn maidir le cinneadh na scoile, laistigh den amlíne atá leagtha amach san fhógra bliantúil iontrála.

Mura dtairgtear áit do dhalta inár scoil, cuirfear na cúiseanna nár tairgeadh áit dó nó di ar fáil i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, sonraí maidir le rangú an dalta i gcoinne na gcritéar roghnúcháin agus na sonraí faoi áit an dalta ar an liosta feithimh don scoilbhliain lena mbaineann.

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoin gceart chun athbhreithniú/ceart achomhairc a lorg maidir le cinneadh na scoile (féach alt 18 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).

10. Glacadh le tairiscint áite ag iarratasóir

Agus tairiscint iontrála á glacadh agat ó Scoil Bhríde, ní mór duit an méid a leanas a léiriú:

(i) cé acu an bhfuil nó nach bhfuil glactha agat le tairiscint iontrála ar scoil nó ar scoileanna eile. Má ghlac tú le tairiscint den sórt sin, ní mór duit sonraí na tairisceana nó na dtairiscintí lena mbaineann a chur ar fáil freisin.

(ii) cé acu an bhfuil iarratas déanta agat ar thairiscint iontrála ó scoil nó ó scoileanna eile nó cé acu an bhfuil tú ag feitheamh lena dheimhniú, agus má tá, ní mór duit sonraí na scoile nó na scoileanna eile lena mbaineann a sholáthar.

11. Cúinsí nach féidir tairiscintí a dhéanamh ina leith nó a tharraingt siar

Ní féidir le Scoil Bhríde tairiscint iontrála a dhéanamh ná a tharraingt siar sna cásanna a leanas —

  • déantar amach go bhfuil an fhaisnéis atá san iarratas bréagach nó míthreorach.
  • teipeann ar iarratasóir glacadh le tairiscint iontrála ar nó roimh an dáta atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile.
  • má theipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin; nó
  • teipeann ar iarratasóir riachtanais a chomhlíonadh chun ‘glacadh le tairiscint’ mar atá leagtha amach in alt 10

12. Sonraí a roinnt le scoileanna eile

Ba chóir d’iarratasóirí a bheith feasach go gceadaítear le hAlt 66(6) den Acht Oideachas (Iontráil Scoileanna), 2018 comhroinnt sonraí idir scoileanna d’fhonn iontráil éifeachtach daltaí a éascú.

13. Liosta feithimh i gcás ró-iarratais

I gcás go mbeidh níos mó iarratas ar an scoilbhliain lena mbaineann ná na háiteanna atá ar fáil, tiomsófar liosta feithimh de dhaltaí nár éirigh lena n-iarratas ar iontráil chuig Scoil Bhríde mar gheall ar ró-éileamh ar an scoil agus beidh siad bailí don scoilbhliain ina bhfuil cead isteach á lorg.

Tá socrúchán ar liosta feithimh Scoil Bhríde san ord tosaíochta a shanntar d’iarratais na ndaltaí tar éis don scoil na critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm de réir an pholasaí iontrála seo.

Déanfar tairiscintí maidir le haon áiteanna ina dhiaidh sin a bheidh ar fáil don scoilbhliain agus lena linn a bhfuil cead isteach á lorg ina leith maidir leis na daltaí sin ar an liosta feithimh, de réir an oird tosaíochta ar cuireadh na daltaí ar an liosta.

14. Iarratais Dhéanacha

Breithneofar agus déanfar cinneadh ar gach iarratas ar chead isteach a fhaightear tar éis an dáta deiridh mar atá leagtha amach san fhógra iontrála bliantúil de réir pholasaí iontrála ár scoile, de réir an Achta um Iontrálacha Scoile 2018 agus de réir aon rialacháin a rinneadh faoin Acht sin.

15. Nósanna imeachta maidir le daltaí a ligean isteach i mblianta eile agus le linn na scoilbhliana

 

Seo a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin chuig ranganna nó blianta seachas grúpa iontrála na scoile:

· Glacfar le páistí má tá spás sa rang, agus má shíleann an Príomhoide/ Bord Bainistíochta cumas Gaeilge an pháiste a bheith ar leibheál a ligfeadh don pháiste feidhmiú agus foghlaim sa rang agus nach mbeadh ar dhaltaí eile iompú ar theanga eile chun cumarsáid a dhéanamh.

16. Dearbhú maidir le gan táillí a ghearradh

Ní ghearrfaidh bord Scoil Bhríde ná aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann táillí ar íocaíocht nó ní lorgeoidh sé nó sí íocaíocht ná ranníocaíocht (cibé slí a dtuairiscítear) mar choinníoll de –

  • iarratas ar dhalta a ligean isteach sa scoil, nó
  • iontráil nó clárú leanúnach dalta sa scoil.

 

17. Socruithe maidir le daltaí nach bhfreastalaíonn ar theagasc reiligiúnach

Ní mór do scoileanna a chuireann teagasc reiligiúnach ar fáil do dhaltaí an chuid seo a chomhlánú.

Seo a leanas socruithe na scoile do dhaltaí, sa chás gur iarr na tuismitheoirí, go bhfuil, a d’iarr go bhfreastalódh an dalta ar an scoil gan freastal ar theagasc reiligiúnach sa scoil. Ní bheidh laghdú ar lá scoile na ndaltaí sin mar thoradh ar na socruithe sin.

 

Ba cheart iarratas scríofa a dhéanamh chuig Príomhoide na scoile. Eagrófar cruinniú leis na tuismitheoirí chun plé a dhéanamh ar conas is féidir déileáil leis an iarratas sa scoil.

18. An ceart chun athbreithnithe/achomhairc

Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta

Féadfaidh tuismitheoir mac léinn, nó i gcás mac léinn a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici féadfaidh sé/sí a iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh áit sa scoil a dhiúltú. Ní mór iarratais den gcineál sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tá an t-amlíne ina gcaithfear athbhreithniú den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hathbhreithnithe den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Déanfaidh an Bord athbhreithnithe den gcineál sin de réir na nósanna imeachta a rialaítear faoi Alt 29B i gcomhair le Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tabhair faoi deara: Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

Ceart achomhairc

Faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998, féadfaidh tuismitheoir mac léinn, nó i gcás mac léinn a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici, féadfaidh sé/sí achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile seo áit sa scoil a dhiúltú.

Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.

Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.

Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)

Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar chás seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)

Déanfar achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 a mheas agus a chinneadh ag coiste neamhspleách achomhairc arna cheapadh ag an Aire Oideachais agus Scileanna.

Tá an t-amlíne ina gcaithfear achomharc den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hachomhairc den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.