An Cód Iompair

Scoil Bhríde , Mín an Chladaigh

 

Fealsúnacht na Scoile

Is scoil Ghaeltachta í Scoil Bhríde a bhfuil oideachas iomlán an pháiste tré mheán na Gaeilge mar phríomhaidhm aici. Tá an scoil faoi phatrúnacht an Eaglais Chaitlicí, agus feidhmíonn an scoil faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna. Curaclam pháiste-lárnach atá I bhfeidhm a aithníonn luach agus éagsulacht gach páiste agus a chuireann ar a gcumas an fhorbairt iomlán is dual dó/di a dhéanamh mar pháiste, agus ina shaol sa tsochaí. Tá sé mar aidhm againn timpeallacht shuaimhneach a chruthú ina ndéantar cúram d’fhorbairt intleachtúil, fhisiciúil, chultúrtha, mhóralta, spioradálta, shóisialta agus mhothúchánach an pháiste. Creidimid go bhfuil comhoibriú dea-bhéasaí agus dea-iompar riachtanach d’éifeacht na scoile agus d’fhorbairt agus dul chun cinn na bpáistí. Tá rannpháirtíocht agus tacaíocht na dtuismitheoirí mar chuid thábhachtach de shaol na scoile.

 

Aidhmeanna

  • Treoir a thabhairt do pháistí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí faoin iompar go mbíonn muid ag súil leis ar scoil.
  • Ord agus eagar a chur i bhfeidhm sa scoil chun leasa na scoile.
  • Féin mheas, féin smacht agus freagracht a chothú sa pháiste le dea-iompar a spreagadh.
  • Timpeallacht fhoghlama dhearfach a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe do gach páiste
  • Aire aidhmiúil a thabhairt do na daltaí , don fhoireann, don scoil agus don timpeallacht
  • Gan bheith cur isteach ar an múinteoir nó ar pháistí eile.

Mar fhoireann, ba mhaith linn atmasféar scoair sona a chur ar fáil áit a bhfuil ord agus eagar agus smacht chiallmhar réasúnach. Bíonn muid i gcónaí ag súili le tacaíocht na dtuismitheoiri chun ardchaighdeán iompair a bhaint amach sa scoil.

Treoracha ginearálta chun deá-iompraíocht a spreagadh

  • Táthar ag súil go n-iompródh gach páiste iad féin ar bhealach freagarthach ina leith féin agus i leith daoine eile agus go mbeidh siad béasach, tuisceanach, múinte agus fírinneach lena chéile agus le daoine fásta.
  • Ní ghlacfar le hiompar a chuireann isteach ar chearta daltaí maidir le cúrsaí oideachais nó cúrsaí sábháilteachta.
  • Glactar leis go mbeidh daltaí cúramach le maoin na scoile agus go gcoimeádfaidh siad an timpeallacht glan agus saor ó bhruscair.
  • Éide scoile, go mbeidh leabhair agus fearais cuí ina seilbh agus go mbeidh siad i láthair san áit cheart agus in am.
  • Glactar leis go ndéanfaidh na daltaí mar a deirtear leo sa rang, go n-oibreiodh siad go díograiseach.

Bulaíocht

Séard is bulaíocht ann na bagairt nó ionsaí a dhéanann duine nó grúpa ar dhuine.ar dhaoine eile go leanúnach nó go rialto. Is féidir leis an bhagairt seo a bheith ó bheal, siceolaíoch nó fisiciúil.

‘siad ionsaí fisiciúil, glaoch ainmneacha, imeaglú, sracaireacht, aonrú agus scigmhagadh na príomhchineálacha bulaíochta. Ní ghlacfar choíche le bulaíocht i Scoil Bhríde agus beifear ag súil le comhoibriú iomlán na dtuismitheoirí nuair atá an scoil ag déileáil le heachtraí bulaíochta de réir Pholasaí Frithbhulaíochta na scoile.

 

Ag moladh agus ag spreagadh dea-iompair

Cabhraíonn moladh agus spreagadh le féin smacht sa pháiste. I Scoil Bhríde cuiretar níos mó béime ar aitheantas a thabhairt do dhea-iompair seachas pionós a chuir chun deá-bhéasaí agus caighdeán ard foghlamtha a bhaint amach. Ó am go chéile cuirfear pionós lena leiriú don pháiste nach nglacfar leis an droch-iompar. Nuair a chuirtear pionós ar pháiste ba cheart go dtuigfeadh an páiste nach nglacfar leis na drochbhéasaí agus gurbh í an choir atá thar a lochtú.

Straitéisí chun dea-iompair a Spreagadh

  • Moladh ó bhéal ón mhúinteoir
  • Moladh scríofa ar obair an pháiste nó moladh scríofa sa dialann obair bhaile
  • Moladh ós comhair an ranga
  • Bronntar pribhléid nó freagracht speisialta ar na bpáiste
  • Moladh ón bPríomhoide nó ó mhúinteoir eile
  • An dea-iompar a chur in iúl do thuismitheoirí an pháiste.

Straitéisí chun cosc a chur ar mhí-iompar

Úsáidtear na straitéisí seo chun dea-iompar a spreagadh agus cosc a chur ar mhí-iompar. Braitheann an pionós a chuirtear ar pháiste ar an chineal mí-iompar atá i gceist/ ar na rialacha a briseadh /ar aois an pháiste. Úsaidtear na straiteisí seo a leanas:

  • Ceartú agus comhairle ón mhúinteoir
  • Scarar na páistí óna gcomhscolairí/óna chairde nó cuirfear é/í chuig rang eile.
  • Bainfear pribhléidí den pháiste
  • Tabharfar obair bhreise don pháiste.
  • Coinneofar an páiste sa seomra ranga ag am lóin agus tabharfar obair bhreise dó/di.
  • Déanfaidh an múinteoir na drochbhéasaí a chlarú
  • Déanfar teagmháil leis na tuismitheoirí.
  • Cuirfear fios ar an bPríomhoide
  • Déanfaidh an Príomhoide leis na tuismitheoirí
  • Fionnraí/díbirt ón scoil (de reir Riail 130 de na Rialacha le haghaidh Scoileann Náisiúnta agus an Acht Oideachais Leasa).

Úsáideann an múinteoir ranga na Leathanaigh Smachta ina Leabhair Nótaí chun eachtraí atá ag tarlú ar bhonn laethiúil sa rang a chlarú. Chomh maith le sin claraítear gach teagmháil (cruinnithe agus litreach) a bhíonn idir an múinteoir agus na tuismitheoirí i rith na bliana.

 

Fionnraí/Dibirt ón scoil

Déanfaidh an scoil gach iarracht de réir an Chód Iompair sula gcuirfea é ar fhionnraí/sula ndéadfar é a dhíbirt ón scoil.

I gcás mhí-iompar tromchúiseach nó má leanann an páiste le fíordhroch –iompar, is féidir an páiste a chur ar fionraí ón scoil ar bhonn shealadach.

Sa chás seo iarrtar ar na tuismitheoirí teacht chun na scoile chun cás á bpaiste a phlé. Má tá páiste bagarthach, trodach, ionsaitheach nó foréigneach le páiste eile nó le múinteoir is mí-iompar thromchúiseach é seo. Nuair a leanann an páiste le fíor dhroch iompar cuirfear Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta ar an eolas agus iarrtar ar thuismitheoirí (I scríbhinn) teacht chun na scoile chuig cruinniú leis an gCathaoirleach agus an Príomhoide. Iarrtar ar na tuismitheoirí gealliúint a thabhairt go dtiocfaidh feabhas ar iompar an pháiste (go mbeadh iompar an pháiste inghlactha) agus muna bhfaighfear an gheallúint seo is féidir an páiste a chur ar fionnraí ar feadh tréimhse.

Sula gcuirfear an páiste ar fionraí is féidir leis an bPríomhoide athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás.

Mar chuid den athbhreithniú seo rachaidh sí i gcomhair le múinteoirí eile sa scoil agus le baill de phobal na scoile a bhfuil baint acu leis an scéal. Déanfar athbhreithniú ar stair iompar an pháiste agus tabharfar san aireamh tuairiscí ó dhochtúir/siceolaithe faoi shláinte an pháiste. Déanfar an páiste a chur ar fionraí de réir téarmaí Rialacha 130 (5) le haghaidh Scoileanna Náisiúnta agus de réir an Acht Leasa Oideachais 9 (2000). I gcás mhí iompar thromchúiseacha tabharfaidh an Bord Bainistíochta údaras don Chathaoirleach nó don Phríomhoide an dalta a chur ar fionraí ón scoil láithreach bonn go dtí go mbíonn deis ann an cás a phlé leis na tuismitheoirí. Fad is atá an plé ar siúl, nó fad is atá Bainistíochta na scoile ag fanacht leis na tuismitheoirí teacht chun na scoile is féidir an páiste a thógail ón rang/ a scaradh óna chomhscolairí.

I bhfíor drochchás is féidir machnamh a dhéanamh ar dhalta a dhíbirt ón scoil de réir téarmaí rialach 130 (5) de na rialacha le haghaidh Scoileanna Náisiúnta agus de réir an Acht Leasa Oideachais. Sula gcuirfear an páiste ar fionraí nó sula ndéanfar páiste a dhíbirt ón scoil déanfaidh an Bord Bainistíochta é seo a chur in iúl don Oifigeach Áitiúil Leasa Oideachais de réir Roinn 24 den Acht Leasa Oideachais.

 

Deireadh a chur le fionraí

Le linn tréimhse fionraithe ón scoil tá sé de cheart ag na tuismitheoirí iarratas a dhéanamh ar an bpáiste a bheith glactha ar ais ar scoil. Caithfidh na tuismitheoirí glacadh orthu féin go gcloífidh an páiste a bhí ar fionraí le Cód Iompair na Scoile. Chomh maith leis sin, caithfidh an Príomhoide a bheith sásta nach mbeadh baol ó thaobh slandáil de ann do na daltaí eile, don fhoireann nó don pháiste féin agus an dalta seo a bheith ar ais ag freastal ar scoil. Cuideoidh an Príomhoide le plean iompair a chur i bhfeidhm don dalta mas gá agus tabharfaidh sí cead oifigiúil don dalta dul ar ais sa rang.

 

Rialacha na Scoile

Déantar sláinte, sábhailteacht agus leas phobail uile na scoile a chur san áireamh nuair atá rialacha na scoile a leagan síos. Déantar iarracht liosta na rialacha scoile a choinneail gearr. Má ta an scoil chun feidhmiú go héifeachtach is gá go mbeadh na rialacha soiléir agus curtha I bhfeidhm I gcónaí agus go cothrom.

 

Aire do Pháistí roimh/tar éis am Scoile

Cuirtear in iúl do thuismitheoirí nach nglacfaidh an fhoireann aon fhreagracht as páistí a thagann chun na scoile roimh 9.10 a.m. nó tar éis 2.i.n (do na naíonáin) nó 3 i.n. do na páistí eile sa scoil. Bíonn na múinteoirí freagrach as na páistí tar éis am scoile má ta na páistí ag glacadh páirt I ranganna atá eagraithe ag an scoil agus aitheanta ag an mBord Bainistíochta. Daltaí a bhíonn ag gabháil de na ranganna seo, bítear ag súil go n-iompróidh siad iad féin I gcomhréir le polasaí iompraíochta na scoile.

 

Dualgaisí an Bhord Bainistíochta

  • Scoil agus timpeallacht scoile shábháilte a chur ar fáil
  • Tacaíocht a thabhairt don Phríomhoide agus don fhoireann i gcur i bhfeidhm an Chód Smachta
  • An Polasaí a dhaingniú

 

 

Dualgaisí an Phríomhoide

  • Atmasféar dearfach a chothú sa scoil
  • Cinntiú go gcuirtear an Cód Smachta I bhfeidhm ar bhealach atá cór, cothrom agus seasmhach.
  • Socruithe a dhéanamh chun athbhreithniú ar an gcód, de réir mar is gá.

 

Dualgaisí an Mhúinteora

  • Tacú le Cód Iompair na scoile agus é a chur i bhfeidhm
  • Liosta rialacha
  • Timpeallacht oibre shabháilte a chruthú le haghaidh gach páiste
  • Dea-obair a aithint agus a mholadh
  • Obair scoile an mhúintora a réiteach agus a ullmhú agus obair na bpáistí a cheartú
  • Aitheantas a thabhairt do bhuanna éagsula na bpáistí agus freastal ar riachtanas gach páiste sa rang
  • A bheith béasach, cór agus cothrom le páistí agus pobal na scoile
  • Déanamh cinnte de nach dtugtar deis do pháistí cur isteach ar obair an ranga
  • Déileail go cuí le mí-iompar páistí (de réir Chód Iompair na Scoile)
  • Eachtraí Smachta/mí-iompair a thaifead agus a chlarú.
  • Tacú le do chomhmhúinteoirí
  • Dul I dteagmháil/ i gcomhairle le tuismitheoirí nuair is gá maidir le hiompar a bpáiste

Dualgaisí an Dalta/Pháiste

  • Freastal ar an scoil go rialto agus go poncúil
  • Éisteacht leis an múinteoir agus glacadh le húdaras/comhairle an mhúinteora
  • Meas a tháispeáint do gach duine i gcomhphobal na scoile
  • Meas a tháispeáint ar mhaoin na scoile agus ar mhaoin pháistí eile
  • Déanamh cinnte de nach gcuirfeadh a n-iompar aon pháiste eile i mbaol
  • Gan a bheith gránna nó ag glaoch ainmneacha ar pháistí eile agus gan a bheith ag úsaid as droch fhocail.
  • Déanamh cinnte de go bhfuil an trealamh ranga/leabhair acu ar scoil i gcónaí
  • Cloí le na Rialacha Scoile agus Rialacha Ranga i gcónaí

Dualgaisí an Tuismitheora/An Chaomhnóra

  • Páistí a spreagadh le meas a bheith acu orthu féin, ar dhaoine eile agus ar mhaoin.
  • Cinntiú go ndéanann na páistí freastal ar scoil go rialta agus go poncúil.
  • Suim a léiriú agus tacaíocht agus spreagadh a thabhairt dá gcuid páistí lena gcuid obair scoile.
  • Déanamh cinnte de go bhfuil siad eolach ar Chód Iompair na scoile agus go dtugann siad tacaíocht dó.
  • Comhoibriú le múinteoirí nuair atá mí-iompar a bpáistí ag cur isteach ar dhaoine eile/ar obair an ranga.
  • An scoil a chur ar an eolas má tá aon fhadhb ag a bpáiste a chuirfeadh isteach ar dhul chun cinn nó ar iompar an pháiste.

An Cód Iompair

  1. Iompar scoile i gcoitinne
  2. Iompar sa seomra ranga
  3. Iompar sa chlós

Iompar Scoile i gCoitinne

  • Is ceart do na daltaí meas, cuirteis agus dea-bhéasa a léiriú dá chéile agus do gach duine fasta a chastar orthu sa scoil.
  • Is ceart go mbeadh na páistí i gcónaí umhal dóibh siúd atá i bhfeidhil
  • Caithfidh na páistí aire a thabhairt d’fhearas, do threalamh, da throscáin, do leithris agus do fhoirgneamh na scoile.
  • Is ceart do na páistí aire a thabhairt don scoil agus do thimpeallacht na scoile. Caithfear clós na scoile a choinneáil glan agus saor ó bhruscar.
  • Caithfidh gach páiste éadach atá oiriúnach, compórdach agus ciallmhar a chaitheamh ar scoil. Níl cead smideadh a chaitheamh.
  • Caithfidh gach pásite freastal go rialta agus go poncúil ar an scoil. Níor cheart d’aon pháiste an scoil a fhágáil i rith an lae scoile.
  • Ní féidir le páiste an scoil a fhágáil i rith an lae scoile gan nóta scríofa ó na tuismitheoirí a bheith fáighte ag an múinteoir ranga roimh ré.
  • Nuair a bhíonn an páiste as láthair ón scoil caithfidh an tuismitheoir/caomhnóir míniú scríofa a sholathar don mhúinteoir ranga nuair a fhilleann an páiste ar scoil.
  • De bharr cúrsaí árachais ní féidir le páiste fanacht sa seomra ag am lóin. Más gá do pháiste fanacht istigh de bharr tinnis caithfear an nóta seo a thabhairt don mhúinteoir roimh ré. Tugtar aire do na páistí a fhanann istigh le linn am sosa sa seomra ranga.
  • Ar mhaithe le sábháilteacht iarrtar ar na páistí siúl sa scoil agus i gclós na scoile agus a bheith cúramach le daoine eile, go háirithe le páistí atá níos óige ná iad féin.
  • Tá cosc ar íde beil, cúlchaint, bagairt nó ionsaí fisiciúil ar pháiste nó ar dhuine eile.
  • Níl cead ag aon pháiste/duine fásta tobac, alcól nó drugaí a thabhairt chun na scoile/timpeallacht na scoile. Tá cosc iomlán ar úsáid tobac, alcól agus drugaí sa scoil agus i dtimpeallacht na scoile.
  • Caithfidh gach páiste lón folláin a thabhairt ar scoil agus aon bhruscar lóin a thabhairt abhaile leo.
  • Caithfidh gach páiste an druil tine a fhoghlaim.
  • Tá rialacha na scoile I bhfeidhm ag gach ócáid a eagraíonn an múinteoir/an scoil i.e. sport, turais, drámaí, comórtais.

Iompar sa Seomra Ranga

  • Tá múineadh, meas, comhoibriú agus deá-iompar riachtanach chun atmaisféar foghlamtha atá dearfach, socair agus sona a chruthú sa seomra ranga. Ní ghlacfar le caint leanúnach, caint ghránna, aisfhreagraí, dánaíocht nó le drochbhéasaí.
  • Caithfidh na páistí aird a thabhairt ar threoracha an mhúinteora.
  • Caithfidh na páistí iarracht mhaith a dhéanamh le hobair an ranga agus leis an obair bhaile.
  • Níl cead ag aon pháiste cur isteach ar an mhúinteoir nó ar aon pháiste eile.
  • Caithfidh na páistí an seomra ranga a choinnéail glan, néata agus sábháilte.
  • Tá cosc iomlán ar aon rud a chaitheamh sa seomra ranga.
  • Níl cead ach ag duine amháin ag an am dul isteach sa leithreas.

Iompar sa Chlós

  • Ní cheadófar aon iompar nó aon chluiche atá dainséarach nó a chuirfeadh páiste eile I mbaol.
  • Níl cead dul taobh amuigh den bhalla, nó in aice le carranna na múinteoirí.
  • Caithfear aird a thabhairt ar threoracha an mhúinteora atá sa chlós
  • Sa chlós níl cead a bheith ag ciceáil, garbh, ag troid, ag brú nó ag bualadh.
  • Má thiteann páiste sa chlós caithfear é sin a rá leis an múinteoir atá ar dualgas.
  • Ar lá fluich fánfaidh gach rang ina seomra féin.

Daingnithe ag an mBord Bainistíochta ar 09/12/2021