Bhí na páistí uilig ag obair go crua le tamall anuas ar an dráma ‘Bun agus barr na mbróg’. Bhí muid ag an fèile scoil dhramaíocht san amharclann le gairid. Rinne siad jab speisialta ar fad agus fuair muid ainmniúchán chuig Féile Uladh. Chomh maith le sin fuair Tadhg Mac Pháidín duais an mholtóra. Comhghairdeas mór leis. Bhí lá ar doigh againn sa Ghrianán i Leitir Ceanainn, rinne na páistí uilig jab den scoith ar an ardán agus ard mholadh faighte acu ón mholtóir. Tá muid chomh bródúil astu 😊

  • Post author:
  • Post category:Blag